Ciste Reach 2023 Glao ar Iarratais – copy

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin ag lorg iarratas anois ar an gciste ó sholáthraithe oideachais pobail agus grúpaí óige i gceantar Chill Dara agus Chill Mhantáin.

Tá Ciste Reach (MAEDF roimhe seo) á mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus á riar ag SOLAS, an t-údarás breisoideachais agus oiliúna, agus na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúla.

Is é aidhm Chiste Reach maoiniú a chur ar fáil chun tacú le foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais chun teacht ar oideachas pobail agus páirt a ghlacadh ann.

Tá sé d’aidhm leis rannpháirtíocht foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais a mhéadú, go háirithe iad siúd atá ag tabhairt faoi chláir litearthachta agus scileanna.

Tá béim láidir ag an gciste ar bhonneagar digiteach na soláthraithe oideachais pobail a thógáil, ina measc gléasanna agus bogearraí a sholáthar, agus a gcumas chun foghlaim a sheachadadh a mhéadú. Ceapadh an ciste go sonrach chun dul i ngleic le neamhionannas agus chun tacú le daoine teacht ar oideachas pobail, agus tá sé ceaptha aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha sa straitéis Litearthacht d’Aosaigh don Saol chun maoiniú a dhíriú ar an bhfáil a bhíonn ar theicneolaíocht agus gléasanna, fáil an phobail ar acmhainní WiFi agus leathanbhanda a leathnú, agus aghaidh a thabhairt go díreach ar riachtanais litearthachta nár freastalaíodh orthu.


Is iad na catagóirí atá incháilithe chun cur isteach ar an gciste in 2023:

Teicneolaíochtaí Digiteacha, Riachtanais Litearthachta Nár Freastalaíodh OrthuArdú Feasachta ComhionannaisTacaíocht do DhídeanaitheTionscadail Ghlasa NuálachaTacaíocht do Ghrúpaí faoi MhíbhuntáisteTacaíocht do Ghrúpaí Pobail Nua
Na Catagóirí Incháilithe

Riar an Deontais

Leithdháileann SOLAS cistí ar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin atá freagrach as riar agus bainistiú an mhaoinithe ina réigiún.

Foirm:

See REACH Guidelines here
Treoirlínte REACH
Download Application Form

Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte 5:00 i.n. an 21 Aibreán 2023

Applications should be sent by email to reach@kwetb.ie

Back to Top