Ciste Reach 2023 Glao ar Iarratais – copy
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin ag lorg iarratas anois ar an gciste ó sholáthraithe oideachais pobail agus grúpaí óige i gceantar Chill Dara agus Chill Mhantáin.
Tá Ciste Reach (MAEDF roimhe seo) á mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus á riar ag SOLAS, an t-údarás breisoideachais agus oiliúna, agus na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúla.
Is é aidhm Chiste Reach maoiniú a chur ar fáil chun tacú le foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais chun teacht ar oideachas pobail agus páirt a ghlacadh ann.
Tá sé d’aidhm leis rannpháirtíocht foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais a mhéadú, go háirithe iad siúd atá ag tabhairt faoi chláir litearthachta agus scileanna.
Tá béim láidir ag an gciste ar bhonneagar digiteach na soláthraithe oideachais pobail a thógáil, ina measc gléasanna agus bogearraí a sholáthar, agus a gcumas chun foghlaim a sheachadadh a mhéadú. Ceapadh an ciste go sonrach chun dul i ngleic le neamhionannas agus chun tacú le daoine teacht ar oideachas pobail, agus tá sé ceaptha aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha sa straitéis Litearthacht d’Aosaigh don Saol chun maoiniú a dhíriú ar an bhfáil a bhíonn ar theicneolaíocht agus gléasanna, fáil an phobail ar acmhainní WiFi agus leathanbhanda a leathnú, agus aghaidh a thabhairt go díreach ar riachtanais litearthachta nár freastalaíodh orthu.
Is iad na catagóirí atá incháilithe chun cur isteach ar an gciste in 2023:
Teicneolaíochtaí Digiteacha, Riachtanais Litearthachta Nár Freastalaíodh Orthu | Ardú Feasachta Comhionannais | Tacaíocht do Dhídeanaithe | Tionscadail Ghlasa Nuálacha | Tacaíocht do Ghrúpaí faoi Mhíbhuntáiste | Tacaíocht do Ghrúpaí Pobail Nua |
Riar an Deontais
Leithdháileann SOLAS cistí ar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin atá freagrach as riar agus bainistiú an mhaoinithe ina réigiún.
Foirm:
See REACH Guidelines here
Treoirlínte REACH
Download Application Form
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte 5:00 i.n. an 21 Aibreán 2023
Applications should be sent by email to reach@kwetb.ie