Kildare and Wicklow Education and Training Board (hereinafter referred to as Kildare and Wicklow ETB) was established under the Education and Training Boards Act, 2013 and is responsible and accountable for the proper direction and control of its functions under the Act the region. Kildare and Wicklow ETB is the driving force of education and training in both counties, providing high quality services which are innovative, responsive and inclusive.
Is iad sprioc-chliaint BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ná: foghlaimeoirí inár scoileanna, coláistí, ionaid oiliúna agus suíomhanna pobail; iarratasóirí sna scéimeanna tacaíochta éagsúla d’fhoghlaimeoirí atá á riar ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, ar nós Soláthróirí Seirbhísí don Ógra, Grúpaí Oideachais agus Oiliúna Pobail, Eagraíochtaí Deonacha Pobail, agus Pobail ar fud an cheantair.
Ár bhFís, Ár Misean agus Ár mBunluachanna
Forbraíodh fís agus misean eagraíochta BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin trí phróiseas comhairliúcháin leis an bhfoireann agus leis na páirtithe leasmhara. Mar bhonn faoi phlean straitéiseach BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tá na treoirphrionsabail agus na luachanna a d’aimsigh an fhoireann agus na páirtithe leasmhara mar chuid bhunúsach de ról an duine inár mBOO, agus, chomh maith leis sin, maidir le cad dó a sheasann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin.
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Tá BOOCDCM tiomanta do chur chuige córasach a fhorbairt i leith a Dhualgais um Chearta an Duine agus Comhionannas san Earnáil Phoiblí thar cholúin uile na heagraíochta. Tá sé seo ag teacht le moltaí an Achta um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) 2014 do chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé mar aidhm acu an dualgas a aistriú chuig cleachtas laethúil.
Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. 42. (1) Le linn do chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas— (a) idirdhealú a dhíbirt, (b) comhionannas i ndeiseanna a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh agus sa chaoi a gcaitear leo a chur chun cinn, agus (c) cearta daonna a chomhaltaí, a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint.
Ar lín do Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (2014), do 2024 tá plean forfheidhmithe curtha i bhfeidhm ag KWETB chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an Dualgais mar atá leagtha amach in Alt 42(2) d’Acht 2014.
Seirbhísí oideachais, oiliúna, óige agus tacaíochta atá ar ard-chaighdeán, ionchuimsitheach, agus nuálach a sholáthar. Barr feabhais a chur chun cinn i ngach rud a dhéanaimid, agus a bheith mar cheannaire ag leibhéal an phobail agus ag an leibhéal náisiúnta.
Ár Misean
Oideachas, oiliúint, seirbhísí don óige agus tacaíochtaí atá ar ard-chaighdeán agus nuálach a chur ar fáil, atá inrochtana, freagrúil do riachtanais na bhfoghlaimeoirí, an phobail agus an tsochaí, agus a chuireann barrfeabhas, comhionannas agus ionchuimsitheacht shóisialta chun cinn.
Rialtas Luachanna
Macántacht
Ag cinntiú go dtacaíonn na himteachtaí go léir atá againn, agus sin sa tóir ar mhisean agus ar fhís, BOOCDCM, lenár bhfostaithe agus lenár bhfoghlaimeoirí, agus go léiríonn said freaghracht, gairmiúlacht, ionracas, agus dílseacht.
Meas
Ag cothú timpeallacht chúraim agus measa I ngach ionad oibre agus foghlaim de chuid BOOCDCM.
Foghlaimeoir-lárnach
Ag aithint go bhfuil eispéireas an foghlaimeoira lárnach san obair a dhéanaimid, agus gur rannpháirtí tábhachta gach foghlaimeoir ina c(h)uid foghlama agus leasea féin.
Sármhaitheas
Ag glacadh le cultúr ina ndéantar feabhas leanúnach, agus ina gcuirtear na caighdéain is airde chun cinn. Déanann ár scoileanna agus ár n-ionaid a ndícheall sármhaitheas a bhaint amach I ngach rud a dhéannan said.
Eagraíochta Struchtúr
BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin Ardbhainistíocht
Príomhfheidhmeannach
Dr Deirdre Keyes
Stiúrthóir TFE
Mr Joe Kelly
Stiúrthóir TFE
Ms Aine O’Sullivan
Stiúrthóir Scoileanna
Mr Ken Scully
Stiúrthóir Breisoideachas agus Oiliúint (BOO)
Mr Ken Seery
Comhdhéanamh Bhoird agus Choistí
De réir Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013, tá Bord BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin comhdhéanta de 21 ball; 12 ball ón údarás áitiúil, 2 ionadaí ó na tuismitheoirí, 2 ionadaí ón bhfoireann, agus 5 bhall ó ghrúpaí sainleasmhara.