Cleachtais Rialachais

Bainistíocht Riosca

Cuireann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin creatlach láidir um bhainistíocht riosca i bhfeidhm ina bhfuil sainaithint, measúnú, bainistíocht agus monatóireacht riosca.
KWETB's Risk Management Process graphic of stages and tools used to manage risk
Cé go bhfuil freagracht ar gach fostaí maidir le bainistíocht riosca, tá ról fíorthábhachtach ag an gCoiste um Iniúchóireacht agus Riosca ag tacú leis an gCoiste Feidhmiúcháin in imeachtaí a bhaineann le bainistíocht riosca. Tugann tuairiscí rialta chuig an gCoiste seo, agus na tuairiscí a leanann iad chuig an mBord, tacaíocht don mBord agus iad ag déanamh maoirseacht ar imeachtaí riosca.
Responsibility for Risk Management table including the responsibilities of the senior management team, the Audit and Risk Committee and the Board of KWETB.

Iniúchadh

Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin faoi réir ag iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha. Comhlíonann an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí (AII – BOO-anna) feidhm an iniúchóireachta inmheánaí. Déantar iniúchadh ar ghnéithe éagsúla d’imeachtaí BOO i rith na bliana, agus cuirtear tuairiscí iniúchóireachta ar fáil do BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, agus don phríomh-mhaoinitheoir againn, An Roinn Oideachais. Chun moltaí na n-iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha a bhainistiú, a rianú agus a chur i bhfeidhm, agus ag comhlíonadh Cód Cleachtais um Rialachas na mBord Oideachais agus Oiliúna, coimeádann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin Clár Iniúchta cuimsitheach. Cuirtear uasdátu foirmeálta faoin gclár iniúchta ar fáil dhá uair sa bhliain don gCoiste um Iniúchóireacht Riosca, maraon leis an gCoiste um Iniúchóireacht Riosca ag déanamh athbhreithniú foirmeálta ar aon tuairiscí iniúchta a fhaigheann siad i rith na bliana.

Tá Iniúchtaí riachtanach d’fhás na heagraíochta trí na moltaí a fhaightear a chur i bhfeidhm, ag tarraingt aird ar réimsí ina bhfuil gá le maoirseacht agus prótacail níos láidre, agus, d’fhorbairt leanúnach na heagraíochta agus imeachtaí rialachais.

Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin faoi réir ag iniúchadh ó:

  • Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí BOOÉ (AII – BOOanna)
  • SOLAS
  • Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
  • An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • An Coimisinéir Cosanta Sonraí
  • Oifig an Commissionéir
  • Ciste Sóisialta na hEorpa (CSTE)
  • Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Tuairisciú Reachtúil

Tagraíonn tuairisciú reachtúil do dhualgas éigeantach tuairiscí a chur faoi bhráid fhoras rialtais. Tá sé de dhualgas ar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, mar chomhlacht poiblí, go leor tuairiscí a chur ar fáil, ráithiúil agus bliantúil, mar bhun-léiriú ar chuntasacht phoiblí, agus tá siad freagrach dár bpríomh-mhaoinitheoirí, an Roinn Oideachais agus SOLAS. Coimeádann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin Clár um Thuairiscí Reachtúla chun comhlíonadh a thaifead agus a thaispeáint.

I measc tuairiscí Reachtúla BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tá:

Is féidir na tuairiscí seo a fháil faoi ‘Foilseacháin’, nuair a dhéanann an Roinn Oideachais faomhadh orthu.

Rialú Inmheánach

Ciallaíonn rialú inmheánach, ní amháin smacht inmheánach agus iniúchadh inmheánach, ach an córas rialaithe inmheánach iomlán, airgeadais agus eile, ina measc, bainistíocht riosca agus rialachas corporáideach mar atá bunaithe ag an mbainistíocht.

Déanann BOOCDCM athbhreithniú rialta ar a chuid struchtúr rialachais, agus socruithe maidir le rialú inmheánach, chun a chinntiú go gcoimeádtar na caighdeáin is airde, agus go leantar den dea-chleachtais.

Bíonn athbhreithniú bliantúil struchtúrtha ar éifeacht an rialaithe inmheánach, a ndéanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca maoirseacht air, agus a thugann tuairim don Bhord, chun an rialú inmheánach sin a léiriú agus a neartú.

Tacaíonn torthaí an athbhreithnithe ar rialú inmheánach le críoch a chur leis na Ráitis Bhliantúla Airgeadais, agus luaitear é sa Ráiteas um Rialú Inmheánach.

Back to Top