Cosaint Sonraí

Baineann Cosaint Sonraí le do cheart bunúsach chun príobháideachais Coimeádann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin do chuid eolais phearsanta sábháilte agus faoi rún i gcónaí.

Tháinig Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí an Aontas Eorpaigh, nó RGCS, i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018, agus tháinig sé in áit na nDlíthe um Chosaint Sonraí san Aontas Eorpach. An chúis a bhí leis an athrú ná chun níos mó cearta, smacht agus tuiscint a thabhairt do dhaoine maidir leis an gcaoi a mbaintear úsáid as a gcuid sonraí pearsanta

Ní bheidh aon éifeacht ag RGCS ar na seirbhísí a gcuirimid ar fáil duit.

É sin ráite, cuireann sé dualgas ar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tú a choimeád ar an eolas maidir leis na cúrsaí seo a leanas:

  • An saghas eolais a choimeádaimid fút;
  • Conas a úsáidtear é; agus
  • Do chearta maidir leis an gcaoi a ndéantar próiseáil air.

s é Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (BOOCDCM) údarás oideachais agus oiliúna an stáit do cheantar Chill Dara agus Chill Mhantáin, a bunaíodh faoi Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013. Chun a gcuid dualgas reachtaíochta a chomhlíonadh déanann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin méid mór sonraí a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil maidir le cineálacha daoine is ábhar do na sonraí. Ina measc siúd tá mic léinn, foghlaimeoirí, foireann, tríú páirtithe agus baill den phobal. Ina measc siúd tá mic léinn, foghlaimeoirí, foireann, tríú páirtithe agus baill den phobal. ’Seard is brí le sonraí pearsanta ná aon sonraí a cheadaíonn go n-aithneofaí an duine.

Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tiomanta cearta agus saoirse an duine a chosaint maidir leis an gcaoi a ndéanann siad próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta.

Doiciméid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin maidir le Polasaithe agus Nósanna Imeachta um Chosaint Sonraí 

Polasaí um Chosaint SonraíFéach ar an doiciméad
Polasaí TCIFéach ar an doiciméad
Fógraí Príobháideachais TCIFéach ar an doiciméad
Prótacal maidir le Sarú ar ShonraíFéach ar an doiciméad
Tuairisc Theagmhais maidir le Sarú ar Shlandáil SonraíFéach ar an doiciméad
Polasaí BOOCDCM um Bhainistíocht TaifiFéach ar an doiciméad
Sceideal BOOCDCM um Choinneál TaifidFéach ar an doiciméad
Fógra Príobháideachais maidir le Covid 19Féach ar an doiciméad
Covid 19Féach ar an doiciméad
Fógra Príobháideachais do Mhic Léinn, Tuismitheoirí/ CoimirceoiríFéach ar an doiciméad
Fógra Príobháideachais d’Fhostaithe/ Baill an Bhoird/ Oibrithe DeonachaFéach ar an doiciméad
Ráiteas um Chosaint Sonraí maidir le Córas Tacaíochta Clár agus FoghlaimeoiríFéach ar an doiciméad

Dualgais BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin faoi RGCS

Éilíonn na rialacha agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí ar fhoireann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin sonraí a phróiseáil go cothrom agus slándáil na sonraí sin a chinntiú.  
Ní mór do BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin:

  • míniú a thabhairt ar an gcúis go bhfuil sonraí pearsanta á mbailiú
  • an cuspóir atá lena n-úsáid
  • gan ach an méid is lú sonraí a bhfuil gá leo a bhailiú
  • daoine a chur ar an eolas an bhfuil BOOCDCM chun a gcuid sonraí a roinnt le héinne eile
  • gan na sonraí a choimeád níos faide ná an tréimhse a bhfuil gá leo
  • nraí a chosaint ó chailliúint agus ó ghoid
  • sonraí a choimeád cruinn agus suas chun dáta

Cuireann RGCS srianta ar an méid gur féidir le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin a dhéanamh le sonraí pearsanta, ar nós eolas pearsanta a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe, eolas a aistriú lasmuigh den AE, nó a úsáid don mhargaíocht dhíreach.

Tugann RGCS cearta tábhachtacha don duine chomh maith. Mar sin, tugann RGCS

  • cearta treisithe don duine cóip den eolas pearsanta go léir, a bhaineann leis nó léi féin, atá á choimeád, a lorg
  • an ceart cur i gcoinne cleachtais a bhaineann le margaíocht dhíreach
  • cead don duine míchruinneas ina c(h)uid eolas pearsanta a cheartú
  • cead sonraí a iniompar
  • uaireanta, cead sonraí pearsanta a ghlanadh amach
  • cead cúiteamh a lorg sa chúirt nuair a sháraítear cearta príobháideachais

Faoin reachtaíocht nua, socraíodh an aois toilithe dhigiteach ag 16 Ciallaíonn sé seo go mbeidh ar na meáin shóisialta agus comhlachtaí ar líne eile cead tuismitheora a fháil más mian leo eolas pearsanta a bhaineann le páiste faoi 16 a úsáid do chuspóírí margaíochta, nó chun próifíl phearsantachta a chruthú.

Iarratas Rochtana a Dhéanamh

s féidir le duine is ábhar do na sonraí ceart rochtana a chur i bhfeidhm ag aon am, trí dhul i dteagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí de chuid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, i scríbhinn.  Is féidir é seo a dhéanamh trí ríomhphost chuig dataprotection@kwetb.ie nó tríd an bpost chuig Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin, Leibhéal 5, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara  Cuirfear Foirm Iarratais um Rochtain Sonraí ar fáil.   Ba chóir iarratais rochtana, cuma Scoil nó Ionad de chuid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, a chur chuig an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin.

Ba chóir go mbeadh cáipéis aitheantais istigh leis an iarratas ar eolas a fháil, chun na sonraí a lorgaítear a chosaint, agus chun gur féidir le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin a bheith sásta gurb é an duine atá ainmnithe atá ann Ba chóir go mbeadh ceann amháin de na modhanna seo a leanas chun aitheantas a dhearbhú, istigh leis an iarratas ar eolas:

  • Cóip d’Aitheantas Stáit (Pas nó Ceadúnas Tiomána), dearbhaithe go hoifigiúil, le síniú ó bhall den nGarda Síochána agus stampa an stáisiúin air. Nó
  • Is féidir leis an iarratasóir teacht isteach, é/í féin, chuig na hOifigí Riaracháin ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, lena (h)aitheantas
  • Is féidir leis an iarratasóir dearbhú ó Choimisinéir Mionnaí a chur isteach, ag dearbhú a (h)aitheantas

Nuair a fhaigheann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin an cháipéisíocht chuí ar fad, déanfar an t-iarratas ar Rochtain Sonraí a phróiseáil laistigh de 30 lá féilire.

Tabhair faoi deara, de réir an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, nach féidir le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ach eolas a bhaineann leis an iarratasóir a scaoileadh amach Bainfear amach sonraí a bhaineann le héinne eile, seachas an t-iarratasóir, nuair is gá. Déanfar pictéiliniú ar phíosaí scannánaíochta TCI chun sonraí/íomhánna a bhaineann le daoine eile agus ar féidir a aithint, a chosaint. s féidir níos mó eolais faoi phríobháideachas maidir le TCI a fháil inár bPolasaí TCI agus ár bhFógraí Príobháideachais.

De bharr COVID-19, tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ag obair go cianda don gcuid is mó. Mar sin, iarraimid oraibh é sin a chur san áireamh agus iarratas rochtana á dhéanamh. Mar eagraíocht, de bharr tionchar COVID-19, tá seans ann nach mbeimid ábalta freagra a thabhairt ina iomláine, nó cuid de, laistigh den ngnáththréimhse 30 lá, agus beimid i dteagmháil leis an duine is ábhar do na sonraí más mar seo atá. Ceadaíonn RGCS síneadh ama dhá mhí chun freagra a thabhairt ar iarratas nuair is gá, ag cur castacht agus an t-ualach oibre reatha san áireamh. Féach ar an alt seo, led thoil, ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le hIarratais Rochtana le linn COVID-19.

Fógra tábhachtach do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí
Ba chóir do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí, atá ag déanamh iarratais ar Shonraí a Rochtain, maidir le cóip a fháil de na sonraí atá á gcoimeád faoina bpáiste (daltaí faoi bhun 18 bliain d’aois), na dlíthe maidir le Cosaint Sonraí a bhaineann leis na hiarratais seo a léamh agus cleachtadh a fháil orthu. Sonraíonn Roinn 3, (3.1 (a), (b) agus (c) de Pholasaí BOOCDCM um Chosaint Sonraí níos mó eolais faoin bpróiseas seo laistigh de Scoileanna agus Ionaid BOOCDCM.

Ba chóir Iarratais Rochtana, cuma cén Scoil nó Ionad de chuid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin atá i gceist, a chur chuig an Oifig um Chosaint Sonraí, ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin.

Sonraí Teagmhála: 

Sonraí Teagmhála do cheisteanna maidir le Cosaint Sonraí i BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin:

 Trí Ríomhphost: dataprotection@kwetb.ie

Post: 

Bridget Daly Lynam

An tOifigeach um Chosaint Sonraí
BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin
Leibhéal 5
Áras Chill Dara
Páirc Devoy
An Nás
Contae Chill Dara. W91X77F

 Telephone:   045 988 000

Back to Top