Príomhoide – Gaelcholáiste Na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (KWETB) ag lorg iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le haghaidh post buan Príomhoide, Gaelcholáiste Na Mara, An tInbhear Mór, Co. Cill Mhantáin. Is scoil chomhoideachais í agus bhí 302 dalta cláraithe inti ar an 30 Meán Fómhair 2024.

Tá sonraí agus foirm iarratais ar fáil ó

https://kildarewicklow.etb.ie/recruitment/current-vacancies

Ba chóir foirm iarratais oifigiúil, atá comhlánaithe go hiomlán, a sheoladh trí ríomhphost chuig porrecruitment@kwetb.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae Dé Máirt an 3 Meitheamh 2025.

Tabhair FAOI DEARA go bhfuil sé de fhreagracht ar an iarratasóir a chinntiú go bhfaightear gach iarratas in am. Ní bheidh an KWETB freagrach as aon deacrachtaí teicniúla a bhíonn ag an seoltóir agus é ag cur iarratais isteach. Ní bheidh an KWETB freagrach as aon deacrachtaí teicniúla a bhíonn ag an seoltóir agus iarratas á chur isteach aige.

• Déanfar gearrliosta d’iarratasóirí bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil

• Ní chuirfear iarratais neamhiomlána san áireamh le haghaidh gearrliosta

• Ní ghlacfar le hiarratais faoi aon imthosca tar éis an dáta deiridh

• Má dhéanann an t-iarratasóir canbhasáil nó má dhéanann sé/sí canbhasáil thar a cheann, dícháileofar an t-iarratasóir go huathoibríoch.

An Dr Deirdre Keyes, Príomhfheidhmeannach

KWETB, Leibhéal 5, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F

Back to Top