Breisoideachas agus Oiliúint
Dearbhú Cáilíochta

Dearbhú Cáilíochta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin tiomanta don dea-chleachtas i ndearbhú cáilíochta laistigh den eagraíocht; cuireann ár misean agus ár bhfís de cheangal ar an eagraíocht an caighdeán is airde oideachais agus oiliúna a sholáthar mar chuid den obair lárnach atá ar siúl againn. Glactar leis go bhfuil Dearbhú Cáilíochta mar chuid lárnach de ghnéithe straitéiseacha agus feidhmíochta BOO, agus léirítear seo tríd na struchtúir Rialachais atá againn, agus tuairisciú corporáideach.

Laistigh den mBreisoideachas agus Oiliúint tá aonad tiomnaithe ag obair ar cháilíocht, faoi cheannaireacht Bhainisteora BOO ag leibhéal sinsearach, le tuairisciú rialta chuig an Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna, agus ar aghaidh ó sin chuig an bPríomhfheidhmeannach. Glactar leis go bhfuil na struchtúir Rialachais cáilíochta – Comhairle Cáilíochta agus na fo-ghrúpaí um Dhearbhú Cáilíochta, Rialachas Clár agus Rannpháirtíocht na bPáirtithe Leasmhara – ina ngnéithe fíor-thábhachtach de struchtúr rialachais corporáideach na heagraíochta, agus tugtar an tacaíocht chuí dóibh le ballraíocht agus tacaíocht ón bhFoireann Cáilíochta.

An Fhoireann Cháilíochta
Sonraí Teagmhála

Back to Top