Earcaíocht
- Home
- Earcaíocht
Folúntais
Folúntais
Féach ar liosta na bhfolúntais reatha le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin. Trí chliceáil ar fholúntas atá ar an liosta tabharfar tú chuig an gcóras earcaíochta ar líne againn, Folúntais BOO. Maidir le cuid de na poist seans go mbeidh ort foirm iarratais a íoslódáil, a líonadh isteach agus a uaslódáil trí ríomhphost. Beidh na sonraí ann ar an bpost a bhaineann le hábhar. Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear foirmeacha iarratais comhlánaithe faoi bhráid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin roimh an spriocdháta.



Folúntais ionadaíochta múinteoireachta páirtaimseartha
.
Tá próiseas iarratais ar líne don bpainéal ionadaíochta i bhfeidhm ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin.
Earcaíocht
Nósanna Imeachta
Tá nósanna imeachta earcaíochta agus roghnaithe Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (BOOCDCM) deartha ar bhealach a chinnteoidh go ndéanfaidh an eagraíocht earcú ar fhoireann a thacaíonn lena mhisean agus lena fhís, agus atá tiomanta na cuspóirí straitéiseacha atá ag a chuid mac léinn/foghlaimeoirí a bhaint amach, ó thaobh comhlíonadh a mianta agus a n-aidhmeanna ar leith maidir le foghlaim agus forbairt phearsanta. Déantar foireann a earcú agus a roghnú, don gcuid is mó, trí hagallóireacht ar bhonn inniúlachta, cé gur féidir, chomh maith leis sin, gnéithe eile roghnaithe a thabhairt isteach i gcásanna áirithe.
Déan íoslódáil ar chóip den bPolasaí Earcaíochta agus Roghnaithe anseo thíos.
Comhionnnas fostaíochta
Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tiomanta timpeallacht oibre a chur ar fáil atá saor ó leithcheal d’aon saghas, agus cothroime agus cothromas a chinntiú i gcúrsaí a bhaineann le hearcú, ardú céime, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, agus rochtain ar oiliúint agus ar fhorbairt.
